An Bhfaca Tú Mo Shéamuisín?

An Bhfaca Tú Mo Shéamuisín? 歌词

时长3:11
原文语言GA
浏览量202
歌词坐标

原文歌词

GA
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
An bhfaca tú mo shéamuisín Mo stóirín óg, mo bhuachailín? An bhfaca tú mo shéamuisín Is é 'gabháil síos an bóthar? Níl bróg ar bith ar a dhá choisín Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín Níl bróg ar bith ar a dhá choisín Níl caipí air ná clóca Ag dul ar scoil tá shéamuisín Mo stóirín óg, mo bhuachailín? Ag dul ar scoil tá shéamuisín 'S a leabharín buí 'na phóca Ar a dhriom tá máilín beag Tá máilín beag, tá máilín beag Ar a dhriom tá máilín beag 'S a lóinsín ann is dócha Do rugadh é I móin a lín Ag bun an chnoic I nead éinín Do rugadh é I móin a lín In aice le bun dóite Ó grá mo chroí mo shéamuisín Mo stóirín óg, mo bhuachailín Ó grá mo chroí mo shéamuisín Ar maidin is tráthnóna An bhfaca tú mo shéamuisín Mo stóirín óg, mo bhuachailín? An bhfaca tú mo shéamuisín Is é 'gabháil síos an bóthar? Níl bróg ar bith ar a dhá choisín Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín Níl bróg ar bith ar a dhá choisín Níl caipí air ná clóca