A Chomaraigh Aoibhinn Ó

A Chomaraigh Aoibhinn Ó 歌词

时长4:42
原文语言GA
浏览量122
歌词坐标

原文歌词

GA
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
Mo bheannacht óm' chroí Dod' thir 's dod' shléibhte A chomaraigh aoibhinn ó Is dod' mhuintir shuairc Ar dual dóibh féile A chomaraigh aoibhinn ó Do shrutháin gheala 'S do choillte craobhach Do ghleannta meala 'S do bhánta léire Ó grá mo chroí Iad siúd le chéile A chomaraigh aoibhinn ó Is dathúil breá Do chruacha scéimchruth A chomaraigh aoibhinn ó Nuair a lasaid suas Le hamharc gréine A chomaraigh aoibhinn ó Na faillte 's leacain Ar gach taobh diot Mar bhrata sróil Le seolta gleásta Nuair a scaipeann an drúcht Anuas ón spéir ort A chomaraigh aoibhinn ó Do bhíos thar sáile Seal I gcéin uait A chomaraigh aoibhinn ó I ndúthaigh fáin Ag déanamh saoithair A chomaraigh aoibhinn ó Ach b'obair tháir liom Cnuasach gréithre I bhfad óm' ait Fé scáil do shléibhte Is chas mé arís ort A phlúr na ndéise A chomaraigh aoibhinn ó