Mo Mhaire

Mo Mhaire 歌词

专辑Dúlamán
年份1976
流派New Age
时长2:36
原文语言葡萄牙语
浏览量473
歌词坐标

原文歌词

PT
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
Ag feis nó dáil níl bean le fáil Chomh sciamhach le mo Mháire Tá aice cneas bog bán a 's deas Do chuirfeadh lil' faoi náire; 'san domhan seo, níl aon chroí chomh díl Nó cailín tá níos fíre - 'measc óg nó sean 'sí plúr na mban Is ise bród na tíre. Tá gruaig mo stóir mar fháinni óir A'titim síos go talamh; Thar muinéal ban a 's guaille lán A cuma 'tá mar dhealbh. Gí glan soiléar gach réalt 'san spéir Tá súil mo ghrá níos glaine 's binne glór mo chailín óig Ná cláirsí ciúin na cruinne. 'Measc aos óg i leathar bróg Ar urlár, cúirt nó pairliúin Níor sheas le taobh aon fhear ariamh Bean-rinceoir leath chomh hálainn Má bhris sí croí aon óganiagh Gan bréag do bhris si céadta 'gus tá na mná fáil bháis gach lá Le troim'is neart a n-éada. Ag feis nó dáil níl bean le fáil Chomh sciamhach le mo Mháire Tá aice cneas bog bán a 's deas Do chuirfeadh lil' faoi náire; 'san domhan seo, níl aon chroí chomh díl Nó cailín tá níos fíre - 'measc óg nó sean 'sí plúr na mban Is ise bród na tíre.