Bhean a Ti

Bhean a Ti 歌词

年份1979
流派New Age
时长3:46
原文语言MS
浏览量389
歌词坐标

原文歌词

MS
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
Ó éirigí suas a thogha na bhfear, Is cuirigí píce 'r bharr gach cleith. Is leagaigí síos iad lucht an droch-chroí Agus cuirigí dlí na Frainc' ar bun. Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn, Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin? Tá jug ar an mbord is tá beoir ag teacht, Tá arm go leor ag an Duke of York. Tá 'n Francach 's an Spáinneach ar bhruach na trá, Agus b'fhearr liom go mór é ná comhrá ban, Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn, Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin? Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais, Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear; Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín, Gan airgead síos bí 'gabháil amach, Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn, Is ó bhean a' tí, nach suairc é sin?