An Bealach Seo 'ta Romham

An Bealach Seo 'ta Romham 歌词

专辑Clannad
年份1973
流派New Age
时长3:23
原文语言英语
浏览量115
歌词坐标

原文歌词

EN
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
Is minic mé ag smaoitiú Is mé ag féachaint ar gach taobh dom Is feicim sluaite daoiní Eadar aosta agus óg 'S iad fá dheifre shíoraí Ag siúl a' bealach céanna Ina bhfuil mé féin go cloíte Ag taisteal leo sa ród Is leanfaidh siad a choíche Is saint ina gcroíthe Ag bailiú leo maoin shaolta Ó mhaidin go neoin Tá mise ag leanstan daofa Ní bhfaighidh mé sos ná scríste Go sroichí mé ceann scríbeadh Sa bhealach seo 'tá romham Is iomaí cor is lúbadh Sa turas chun na huaighe Is iomaí ábhar buartha 'Casfar ort sa tslí Ach 's fusa iad a shárú Le greann agus le gáire 'S a bheith I gcónaí sásta Nó a theacht le toil an rí Is cuma cad é atá I ndán domh Ag dia amháin atá a fhios ag sin Ní bheidh mé choíche cráite Le buaireamh ná brón Ach cuirfidh mé mo dhóchas I ndia mhór na glóire Is dhéanfaidh sé mo threorú Sa bhealach seo 'tá romhainn