Sliabh Geal gCua

Sliabh Geal gCua 歌词

流派Hard Rock
时长3:49
原文语言英语
浏览量71
歌词坐标

原文歌词

EN
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
Ó a Shliabh Geal gCua na féile Is fada uait i gcéin mé I m'shuí cois cuain i m'aonar Go tréithlag faoi bhrón An tuile bhuí ar thaobh díom 'Dir mé 'gus tír mo chléibhe 'Sa Shliabh Geal gCua na féile Go tréithlag faoi bhrón Dá mbeinnse 'measc mo ghaolta I sceithín ghlas na scéimhfhear Nuair a scaipeann teas na gréine Ó spéir gheal gan smál Nó dá mbeinne 'n-siúd faoin réaltain Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann Ó a Shliabh Geal gCua, nar dhéirc sin Dá mb'fhéidir é 'fháil 'Sé mo léan nach bhfuair mé tógaint Le léann is mórchuid eolais I nGealainn uasal cheolmhar Ba sheolta mo bhéal Ó threabhfainn cuairt thar sáile Is thabharfainn bua thar barr chughat Mar a Shliabh Geal gCua Ba bhréa liom thú'ardú fé réim Dá mbeinnse 'measc mo ghaolta I sceithín ghlas na scéimhfhear Nuair a scaipeann teas na gréine Ó spéir gheal gan smál Nó dá mbeinne 'n-siúd faoin réaltain Nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann Ó a Shliabh Geal gCua, nar dhéirc sin Dá mb'fhéidir é 'fháil