Caide Sin Don Te Sin?

Caide Sin Don Te Sin? 歌词

流派Regional
时长3:13
原文语言EO
浏览量453
歌词坐标

原文歌词

EO
暂时没有翻译,当前显示原文歌词。
18
Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má théim 'na choilleadh chraobhaigh 'cruinniú sméara nó cnó A baint ullaí do ghéaga nó a buachailleacht bó Má shínim seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má théimse chuig airnéal 's rince 's spórt Chuig aonaigh nó rásaí, 's gach cruinniú den tseoirt Má bhíonn daoine súgach, 's má bhím súgach leo Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó? Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earraí, gan éadal, gan bólacht nó stór Ach má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó? Chuaigh mé 'un aonaigh 's dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid 's ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó caide sin don té sin nach mbaineann sin dó?