Cad É Sin Don Té Sin

Cad É Sin Don Té Sin şarkı sözleri

Süre5:26
Orijinal dilGA
Görüntülenme310
Şarkı sözü koordinatları

Orijinal sözler

GA
Çeviri henüz yok. Orijinal sözler gösteriliyor.
18
Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má théim go coill chraobhach ag piocadh sméara nó cnó 'Baint úllaí de ghéaga nó 'bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má théimse chuig airneál is rince is spórt Chuig aonach is rásí's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh Gan earra gan éadáil, gan bólacht ná stór Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Tá aithne agam ar chailín deas cheasta is cóir A píob mar an eala 's a leacain mar rós Má bhíonn sí is mise un inid faoí sheol Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó? Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?