Fuígfidh Mise'n Baile Seo

Letra de Fuígfidh Mise'n Baile Seo

GêneroHard Rock
Duração2:35
Idioma originalGA
Visualizações51
Coordenadas da letra

Letra original

GA
A tradução ainda não está disponível. Exibindo a letra original.
18
Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dúghránna 'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte Sealabhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir A Mhuire nach mé an truaighe 's mé póst ar a' sclábhaí Nach ligeann amach 'un Aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh Nach dtéann go tigh a' leanna 's nach n-ólfadh gine óir liom 'S nach dteannfadh lena chroí mé mar dheanfadh buachaill óg mé An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte Sealabhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí Lán mo dhá laimh is níor shásaigh sé 'riamh m'intinn Nach trua nach dtig an reacht amach mar 'tá ar bha 's ar chaoirigh An té nach dtaitneodh an margadh leis a sheoladh ar ais 'un aonaigh Fuígfidh mise an baile seo