Aililiú Na Gamhna

Aililiú Na Gamhna lyrics

GenreFolk
Duration1:38
Original languageGA
Views91
Lyrics coordinates

Original lyrics

GA
Translation not available yet. Showing the original lyrics.
18
In iníon d'aoire mé féinig gan amhras Do bhíodh ina cónaí cois taobh na leamhna Bhí bothán agam féin ann is fuinneog I gceann de Fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'sea ghlaofainn ar na gamhna Aililiú na gamhna, na gamhna bána Aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta Faightear dom cana is faightear dom bhuarach Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair Ceolta sí na cruinne bheith á síorchur I m'chluasa Ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile Rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna Is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta Íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda Is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne I gcóir an tsamhraidh