Siobhan Ni Dhaibhir

Siobhan Ni Dhaibhir 가사

앨범Clannad
연도1973
장르New Age
길이2:27
원문 언어영어
조회수429
가사 좌표

원문 가사

EN
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
18
Siobhán Ní Dhuibhir D'éirigh mé ar maidin a tharraint chun aonaigh mhóir a dhíol is a cheannacht mar a dhéanadh mo dhaoine romham. Bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise síos a dh'ól is le Siobhán Ní Dhuibhir gur ól mise luach na mbróg. A Siobhán Ní Dhuibhir an miste leat mé bheith tinn? Mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú bheith i gcill. Bróinte 's muilte bheith 'scileadh ar chúl do chinn ach cead a bheith in Ioras go dtara síol Éacha chun cinn. A Siobhán Ní Dhuibhir is tú bun agus barr mo scéil. Ar mhná na cruinne go dtug sise an báire léi le gile le finne le maise is le dhá dtrian scéimh is nach mise an trua Mhuire bheith ag scaradh amárach léi. Thiar in Iorras tá searc agus grá mo chléibh, planta an leinbh a d'eitigh mo phósadh inné. Beir scéala uaim chuici má thus mise póg dá béal go dtabharfainn dí tuille dá gcuirfeadh sí bólacht léi. Beir scéala uaim chuige go dearfá nach bpósaim é ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé. Nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré, bíodh a rogha bean aige is beidh mise ar mo chomhairle féin.