가사 좌표
MT원문 가사
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
Don oíche úd I mbeithil, beidh tagairt ar ghréin go brách
Don oíche úd I mbeithil go dtáinig an bhréithir slán
Tá gríosghrua ar spéarthaibh 's an talamh 'na chlúdach bán
Féach íosagán sa chléibhín, 's an mhaighdean 'á dhiúl le grá
Ar leacain lom an tsléibhe go nglacann na haoirí scóth
Nuair in oscailt ghil na spéire tá teachtaire dé ar fáil
Céad glóire anois don athair I bhflaitheasaibh thuas go hard
Is feasta fós ar talamh d'fhearaibh dea-mhéin' siocháin




