가사 좌표
GA원문 가사
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
Cearc agus coileach a d'I'mí' le chéile
Shiúladar éire go briseadh a gcroí
Is chuadar go gailimh le héirí na gréine
Gur cuireadh an péire isteach ag an dlí
'S ag uiliam ó huileáin a bhí siad ar féar
D'ith mónóga sléibhe 'gus chodail sa bhfraoch
Gur tháinig an sirriam go lúfar's go haerach
Is scuab sé an péire isteach go b'l'áth'n rí
Dá bhfeicfeása 'n coileach lá aonaigh sna sráide
Hata breá laistiar is lámhainní buí
Ceithre spor fhada den airgead spáinneach
'Gus fuip ina láimh 's é 'tiocht mar an rí
Thug siad isteach é gur scar siad a chnámha
'S gur chaith siad an lá sin sách spóirtúil go leor
'S nárbh fhearr dóibh an spóilín a cheannach ar fónamh
Ná an chaoi 'ndeachaigh a gcáil ar fud chontae mhaigh eo




