가사 좌표
TL원문 가사
번역이 아직 없습니다. 원문 가사를 표시합니다.
S a Chití Ní Eadhra
Nach náir mar a d'imigh tú uaim
'S an chroí atá 'mo lár
Gur fhág tú chomh dubh leis an ghual
Ní iarrfainn aon spás ar an Ard Rí
'Sna Flaitheas anuas
Ach cead troda leis an bhás
Gach lá sular imigh tú uaim
'S tá dhá cheann an tí
'Na luí 'tá'n lár gan dóigh
Ó d'imigh an bhean chaoin
Faraor, a bhí soineanta cóir
Níor fhan sí agam ach trí ráithe
Amháin bhí ba ghiorra ná an uair
Óch nach é mo léan géar
Gur fágadh í sínte san uaigh
Is a Chití, mo mhian
Nach aoibhinn duitse bheith ar lár
Atá i bhFlaitheas na Naomh
'Bhfuil na mílte anam gan smál
Is chan mar a bímse 'tá guí
'S ag osnaí gach tráth
Nó i dTalamh na Naomh
Atá rogha mo charaid thar mhná






