Mo Ghile Mear

Mo Ghile Mear 歌詞

ジャンルNew Wave
時間3:25
原文言語MT
閲覧数932
歌詞座標

原文歌詞

MT
翻訳はまだありません。原文を表示しています。
18
Seal da rabhas im' mhaighdean shéimh, 'S anois im' bhaintreach chaite thréith, Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan De bharr na gcnoc is i n-imigcéin. 'Sé mo laoch, mo Ghile Mear, 'Sé mo Chaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Bímse buan ar buaidhirt gach ló, Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór Mar scaoileadh uaim an buachaill beó 'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón. Ní labhrann cuach go suairc ar nóin Is níl guth gadhair i gcoillte cnó, Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh Ó d'imthigh uaim an buachaill beó. Marcach uasal uaibhreach óg, Gas gan gruaim is suairce snódh, Glac is luaimneach, luath i ngleo Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon. Seinntear stair ar chlairsigh cheoil 's líontair táinte cárt ar bord Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan. Ghile mear 'sa seal faoi chumha, 's Eire go léir faoi chlócaibh dubha; Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó luaidh i gcéin mo Ghile Mear