歌詞座標
GA原文歌詞
翻訳はまだありません。原文を表示しています。
Lá aoibhinn gan bhuaidhreadh 's gan mhearaigh
'S mé ag ardú 'mach Mallaí Chroich Shlí
Faoi imeall na neallta go bhfaca mé
An spéirbhean ag gabhail tharam ins a tslí
Thug sí dealramh breá aerach 'bhí dathúil
Ar dhá thaobh a' ghleanna ar gach taobh
Is mo cheadfaí gur' réad sí chun seachrán
'S d'fhág sí tréan smacht ar m'aigne faraor
Tá mo chuidiú-sa a laghdú fá bhaile
Níl capall, níl caora 's níl maoin
Níl géimneach fá shléibhte Loch Bearraigh
Le pléisiúr a chuir ormsa mar bhí
Ó d'imigh an spéirbhean bhí dathúil
A dtug mé spéis dí 's nach bhfanann liomsa chóich'
Le m'éifeacht ní fhéad mise 'mealladh
Fá 'críonnacht a chuir pian in mo chroí






