Bríd Óg Ní Mháille

Bríd Óg Ní Mháille 歌詞

ジャンルRegional
時間5:12
原文言語TL
閲覧数556
歌詞座標

原文歌詞

TL
翻訳はまだありません。原文を表示しています。
18
Is a Bhríd Óg Ní Mháille 'S tú d'fhág mo chroí cráite 'S chuir tú arraingeacha An bháis fríd cheartlár mo chroí Tá na céadta fear i ngrá Le d'éadan ciúin náireach Is go dtug tú barr breáchtacht' Ar Thír Oirghiall más fíor Níl ní ar bith is áille Ná'n ghealach os cionn a' tsáile Ná bláth bán na n-airne Bíos ag fás ar an draighean Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa Níos trilsí le breáchtacht Béilín meala na háilleacht' Nach ndearna riamh claon Is buachaill deas óg mé 'Tá triall chun mo phósta 'S ní buan i bhfad beo mé Mura bhfaighidh mé mo mhian A chuisle is a stóirín Déan réidh agus bí romhamsa Cionn deireanach den Domhnach Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh Is tuirseach 's brónach A chaithimse an Domhnach Mo hata 'mo dhorn liom 'S mé ag osnaíl go trom 'S mé ag amharc ar na bóithre 'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann 'S í ag fear eile pósta Is gan í bheith liom