Buachaill Ón Éirne

Testo di Buachaill Ón Éirne

Anno2016
GenereNew Age
Lingua originaleIS
Visualizzazioni28
Coordinate del testo

Testo originale

IS
Traduzione non ancora disponibile. Mostriamo il testo originale.
18
Buachaill ón Éirne mé ‘S bhréagfainn féin cailín deas óg Ní iarrfainn bó spré léithe Tá mé féin saibhir go leor ‘S liom Corcaigh ‘a mhéid é Dhá thaobh a’ ghleanna ‘s Tír Eoghain ‘S mura n-athraí mé béasaí ‘S mé n’ t-oidhr’ ar Chontae Mhaigh Eo Rachaidh mé ‘márach A dhéanamh leanna fán choill Gan choite, gan bád Gan gráinnín brach’ ar bith liom Ach duilliúr na gcraobh Mar éideadh leapa os mo chionn ‘S óró sheacht mh’anam déag thú ‘S tú ‘féachaint orm anall Buachailleacht bó, mo lao Nár chleacht mise ariamh Ach ag imirt ‘s ag ‘ol ‘S le hógmhná deasa fá shliabh Má chaill mé mo stór Ní dóigh* gur chaill mé mo chiall A’s ní mó liom do phóg Ná’n bhróg atá’r caitheamh le bliain