Oh Bríd Óg O'Malley

Paroles de Oh Bríd Óg O'Malley

GenreFolk
Durée3:36
Langue originaleGD
Vues2.7K
Coordonnées des paroles

Paroles originales

GD
Traduction indisponible. Les paroles originales sont affichées.
18
Is a Bhríd Óg Ní Mháille 'S tú d'fhág mo chroí cráite 'S chuir tú arraingeacha An bháis fríd cheartlár mo chroí Tá na céadta fear i ngrá Le d'éadan ciúin náireach Is go dtug tú barr breáchtacht' Ar Thír Oirghiall más fíor Níl ní ar bith is áille Ná'n ghealach os cionn a' tsáile r Ná bláth bán na n-airne Bíos ag fás ar an draighean Ó siúd mar bíos mo ghrá-sa Níos trilsí le breáchtacht Béilín meala na háilleacht' Nach ndearna riamh claon Is buachaill deas óg mé 'Tá triall chun mo phósta 'S ní buan i bhfad beo mé Mura bhfaighidh mé mo mhian A chuisle is a stóirín Déan réidh agus bí romhamsa Cionn deireanach den Domhnach Ar Bhóithrín Dhroim Sliabh Is tuirseach 's brónach A chaithimse an Domhnach Mo hata 'mo dhorn liom 'S mé ag osnaíl go trom 'S mé ag amharc ar na bóithre 'Mbíonn mo ghrá-sa ag gabhail ann 'S í ag fear eile pósta Is gan í bheith liom