Eirí Na Gréine

Paroles de Eirí Na Gréine

Durée6:57
Langue originaleGA
Vues54
Coordonnées des paroles

Paroles originales

GA
Traduction indisponible. Les paroles originales sont affichées.
18
Cearc agus coileach a d'I'mí' le chéile Shiúladar éire go briseadh a gcroí Is chuadar go gailimh le héirí na gréine Gur cuireadh an péire isteach ag an dlí 'S ag uiliam ó huileáin a bhí siad ar féar D'ith mónóga sléibhe 'gus chodail sa bhfraoch Gur tháinig an sirriam go lúfar's go haerach Is scuab sé an péire isteach go b'l'áth'n rí Dá bhfeicfeása 'n coileach lá aonaigh sna sráide Hata breá laistiar is lámhainní buí Ceithre spor fhada den airgead spáinneach 'Gus fuip ina láimh 's é 'tiocht mar an rí Thug siad isteach é gur scar siad a chnámha 'S gur chaith siad an lá sin sách spóirtúil go leor 'S nárbh fhearr dóibh an spóilín a cheannach ar fónamh Ná an chaoi 'ndeachaigh a gcáil ar fud chontae mhaigh eo