Mo Ghile Mear

Letra de Mo Ghile Mear

Año2016
GéneroNew Age
Idioma originalInglés
Vistas43
Coordenadas de la letra

Letra original

EN
La traducción todavía no está disponible. Mostramos la letra original.
18
Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear Seal da rabhas im’ mhaighdean shéimh ‘S anois im’ bhaintreach chaite thréith Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan De bharr na gcnoc is imigéin Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear Bímse buan ar buairt gach ló Ag caoi go cruaidh ‘s ag tuar na ndeór Mar scaoileadh uaim an buachaill beó ‘S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear