লিরিক্স স্থানাঙ্ক
GAমূল লিরিক্স
অনুবাদ এখনো নেই। মূল লিরিক্স দেখানো হচ্ছে।
Cé hé siúd thíos atá ag leagadh na gclathacha? (3x)
"Mise mé féin," a deir Cúnla.
(curfá)
Chúnla chaoin ná tara níos giorra dhom (3x)
"Maise mur' dtaga," a deir Cúnla.
Cé hé siúd thíos atá ag bualadh na bhfuinneoga? (3x)
"Mise mé féin," a deir Cúnla.
Chúnla chaoin...
Cé hé siúd thíos atá ag tochas mo bhonnacha? (3x)
"Mise mé féin," a deir Cúnla.
Chúnla chaoin...
Cé hé siúd thíos ag tarraingt na pluide dhíom? (3x)
"Mise mé féin," a deir Cúnla.
Chúnla chaoin...



